Maidir le USBE

The FSAI take all reasonable steps to ensure food safety highest standards
Ár Ról - D'Achmainn
Bunaíodh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (USBE) faoin Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998. Ritheadh an tAcht i Mí Iúil 1998 agus tháinig sé i bhfeidhm ar 1 Eanáir 1999.
Tá sé de phríomhfheidhm ag USBE gach beart réasúnta a chur i gcrích le cinntiú go dtagann an bia a tháirgtear, a dháiltear nó a ndéantar margaíocht air sa Stát leis na caighdeáin is airde sábháilteachta agus sláinteachais bhia atá ar fáil, go réasúnta, agus le cinntiú go gcomhlíonann an bia riachtanais dhlíthiúla, nó cóid aitheanta dhea-chleachtais, nuair is cuí sin.
Is comhlacht reachtúil, neamhspleách agus eolaíochta é USBE, atá tiomanta do chosaint leas sláinte agus tomhaltais an phobail a chosaint i réimse na sábháilteachta agus an tsláinteachais bhia. Tá sé faoi choimirce an Aire Sláinte agus Leanaí agus faoi láthair tá deichniúr ar an mBord. Tá Coiste Eolaíoch 15 ball aige freisin a chabhraíonn le agus a thugann comhairle don Bhord. Nuair a dhéantar socruithe maidir le sábháilteacht agus le sláinteachas bia, mar sin de, cuirtear san áireamh an chomhairle agus an t-eolas is fearr agus is nua-shonraithe atá ar fáil.
Príomhfheidhmeanna
Táimid freagrach ar bhonn náisiúnta as comhordú chomhlíonadh reachtaíochta sábháilteachta bia in Éirinn. Tá an USBE freagrach as:
- Tús áite a thabhairt do leas an tomhaltóra
- Comhairle a thabhairt d’Airí, do rialaitheoirí, don tionscal bia agus do thomhaltóirí faoi cheisteanna sábháilteachta bia
- Cinntiú sheachadadh comhordaithe agus gan uaim seirbhísí sábháilteachta bia agus iad ag comhlíonadh ardchaighdeáin comhaontaithe ag na háisínteachtaí éagsúla ábhartha Stáit
- Iniúchadh, sampláil agus anailísiú bianna
- Cinntiú go gcomhlíonann bia riachtanais dhlíthiúla, nó nuair is cuí, cóid aitheanta dea-chleachtais
- Bheith ag obair leis an tionscal bia le cur ina luí air bheith tiomanta do tháirgeadh bia sábháilte
- Socrú caighdeán bia atá bunaithe ar eolaíocht agus ar mheasúnú iontaofa riosca
- Bailiú agus anailísiú sonraí faoi tháirgeadh agus faoi chaitheamh bia
- Bainistiú riosca i gcomhar le háisínteachtaí oifigiúla agus leis an earnáil bhia, agus cur in iúl na rioscaí sin do thomhaltóirí, do lucht gairme na sláinte poiblí agus don tionscal bia.
Last reviewed: 20/5/2009