Skip to main content

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann - Tuarascáil Bhliantúil 2022

Tuesday, 12 September 2023

Bliain claochlaithe ab ea 2022 don Údarás. Glacadh le foghlaim ón bpaindéim COVID-19 agus cuireadh nuálaíocht chun cinn. Bhog an eagraíocht go samhail oibre hibrideach agus tháinig athrú mór ar phróifíl foirne an Údaráis ag tabhairt eolais agus deiseanna nua. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do gach ball foirne ÚSBÉ aonair as a gcuid saineolais, díograis agus gairmiúlachta maidir le misean ÚSBÉ a chur chun cinn in 2022.

Chuir ÚSBÉ corpas suntasach oibre ar fáil in 2022 chun sláinte na dtomhaltóirí in Éirinn agus iad siúd a itheann ár mbia i 180 margadh ar fud an domhain a chosaint. Is gnéithe riachtanacha iad ár bhfoireann thiomnaithe, Bord ÚSBÉ, ár gcoistí comhairleacha, ár gcomhpháirtithe rialála agus ár bpáirtithe leasmhara seachtracha i gcóras rialuithe bia atá thar bheith sofaisticiúil agus casta a chuireann ar chumas an Údaráis a shainordú dlíthiúil a chomhlíonadh. Aithnímid gur tréimhse dhúshlánach a bhí ann do thionscal an bhia agus molaimid, an tionscal agus a ionadaithe araon, ardchaighdeáin sábháilteachta bia na hÉireann a fheabhsú agus a chothabháil in 2022. Tá buíochas nach beag ag dul do na daoine tiomanta sin go mairimid i dtír atá aitheanta mar cheann de na córais bhia is fearr ar domhan.
 


Report cover

Categories

Corporate |