Skip to main content

Faisnéis EFSA

Rannchuidiú Éireann le EFSA

Pointe Fócasach Náisiúnta

Meastar gurb iad na pointí fócasacha náisiúnta ‘ambasadóirí’ EFSA sna Ballstáit. In Éirinn, ainmnítear FSAI mar an pointe fócasach. Feidhmíonn siad mar theagmhálacha sealaíochta idir bainisteoirí riosca, údaráis náisiúnta, institiúidí taighde, páirtithe leasmhara agus tomhaltóirí sna Ballstáit agus áirithíonn siad go ndéantar malartú déthreo leordhóthanach agus tráthúil ar an bhfaisnéis ábhartha uile. Is é ról an phointe fócasaigh baill EFSA agus an Fhóraim Chomhairligh a choinneáil ar an eolas faoi mheasúnú riosca náisiúnta agus faoi fhorbairtí eolaíochta. Comhordaíonn líonra na bpointí fócasacha cumarsáid le hinstitiúidí measúnaithe riosca sna Ballstáit agus tá dlúthbhaint acu le cláir oibre a dhéanann EFSA agus údaráis náisiúnta.

Tá tuilleadh sonraí faoi ról an Phointe Fócasaigh in Éirinn le fáil inár mbileog faisnéise Food Safety Authority of Ireland: EFSA Focal Point

Is féidir dul i dteagmháil le Pointe Fócasach FSAI trí ríomhphost a sheoladh chuig: focalpoint@fsai.ie.

Liosta Airteagal 36

Is éard atá i Liosta Airteagal 36 liosta d’eagraíochtaí inniúla atá incháilithe chun cabhrú le EFSA ina chúraimí trí fhreagairt a thabhairt ar ghlaonna ar thograí (deontais Airteagal 36). 

Ainmníonn na Ballstáit na heagraíochtaí atá ar Liosta Airteagal 36 le tacaíocht ó Phointí Fócasacha EFSA agus ní mór dóibh na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 an Choimisiúin a chomhlíonadh. Ós rud é go dtagann eagraíochtaí chun cinn agus go n-athraíonn riachtanais maidir le forbairtí eolaíochta agus beartais, déantar athbhreithniú rialta ar an liosta.

Éascaíonn líonrú leis na heagraíochtaí seo comhordú gníomhaíochtaí, malartú faisnéise, forbairt agus cur i bhfeidhm comhthionscadal eolaíochta, chomh maith le comhroinnt saineolais agus dea-chleachtais sna réimsí atá faoi shainchúram EFSA.

Tacaíonn EFSA le tionscadail eolaíochta trí dheontais agus trí sholáthar poiblí. Féadfaidh eagraíochtaí tograí le haghaidh deontas a chur isteach tar éis glaonna ar thograí a bheith foilsithe (oscailte d’eagraíochtaí Airteagal 36 amháin) nó tar éis glaonna ar thairiscintí a bheith foilsithe (oscailte do gach iarratasóir de réir shonraíochtaí an ghlao).

I measc na buntáistí a bhaineann le bheith ina eagraíocht Airteagal 36 tá; deiseanna maoinithe, rochtain ar fhaisnéis agus deiseanna líonraithe. Féach tuilleadh faisnéise ar Airteagal 36 ar láithreán gréasáin EFSA.

Fóram Comhairleach

Déanann Fóram Comhairleach EFSA EFSA a nascadh le húdaráis náisiúnta um shábháilteacht bia i ngach Ballstát AE. Déanann a chomhaltaí ionadaíocht ar gach comhlacht náisiúnta atá freagrach as measúnú riosca san AE. Déanann an Dr Pamela Byrne, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, FSAI, ionadaíocht thar ceann na hÉireann ar an bhFóram Comhairleach.

Tá an Fóram ag croílár chur chuige comhoibritheach EFSA i leith oibriú le Ballstáit AE. Tríd an bhFóram, is féidir le EFSA agus na Ballstáit teacht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar mheasúnú riosca Eorpach agus ar shaincheisteanna cumarsáide riosca.

Úsáideann comhaltaí an Fóram chun comhairle a thabhairt ar EFSA maidir le hábhair eolaíochta, ar a chlár oibre agus ar a thosaíochtaí, agus chun dul i ngleic le saincheisteanna riosca atá ag teacht chun cinn, a luaithe is féidir.

Coistí agus Painéil Eolaíochta EFSA

Tá Coiste agus Painéil Eolaíochta EFSA comhdhéanta de shaineolaithe ardcháilithe i measúnú riosca eolaíochta, agus fairsinge saineolais i gceist a chuireann ar chumas EFSA aghaidh a thabhairt ar gach gné dá shainchúram: lena n-áirítear sábháilteacht bia agus beatha, cothú, sláinte agus leas ainmhithe, cosaint plandaí agus sláinte plandaí.

Ceaptar comhaltaí Choiste agus Painéil Eolaíochta EFSA trí nós imeachta dian roghnúcháin ar bhonn sármhaitheas eolaíochta cruthaithe. Oibríonn na heolaithe do EFSA i gcáil neamhspleách agus tugtar a gcuid saineolais agus taithí ó raon cúlraí éagsúla le chéile i dtoradh measúnaithe comhpháirteach. Chuir níos mó ná 1,000 eolaí iarratais isteach chun bheith ina mbaill phainéil EFSA tar éis glao ar shaineolaithe a tharla i samhradh na bliana 2017. 

Roghnaíodh roinnt saineolaithe Éireannacha chun bheith ar Choiste agus Painéil Eolaíochta EFSA ó Iúil 2018 go Iúil 2021:

  • Roghnaíodh an tOllamh Simon More, Ollamh le hEipidéimeolaíocht Tréidliachta agus Anailís Riosca, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar Chomhalta den Choiste Eolaíochta.

    Forbraíonn an Coiste Eolaíoch modheolaíochtaí comhchuibhithe measúnaithe riosca ar ábhair eolaíochta de chineál cothrománach sna réimsí atá faoi shainchúram EFSA i gcás nach bhfuil cuir chuige ar fud an AE sainithe cheana féin. Soláthraíonn sé comhordú ginearálta chun comhsheasmhacht a áirithiú sna tuairimí eolaíochta a ullmhaíonn Painéil Eolaíochta EFSA. Soláthraíonn sé comhairle straitéiseach eolaíochta freisin do bhainistíocht EFSA.
  • Roghnaíodh an Dr Declan Bolton, Príomhoifigeach Taighde, Teagasc mar Chomhalta den Phainéal Eolaíochta um Ghuaiseacha Bitheolaíocha

    Soláthraíonn an Painéal um Ghuaiseacha Bitheolaíocha (BIOHAZ) comhairle eolaíoch ar ghuaiseacha bitheolaíocha maidir le sábháilteacht bia agus galair bia-iompartha. Clúdaíonn sé seo galair ainmhithe atá in-tarchurtha do dhaoine; einceifileapaití spúinseach in-tarchurtha; micribhitheolaíocht bia; sláinteachas bia agus saincheisteanna gaolmhara bainistíochta dramhaíola
  • Roghnaíodh an Dr Christina Tlustos, Príomh-Speisialtóir i Sábháilteacht Cheimiceach, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann mar Chomhalta den Phainéal Eolaíoch ar Ábhair Teagmhála Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála

    Déanann an Painéal ar Ábhair Teagmhála Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála (CEF)* meastóireacht ar shábháilteacht substaintí ceimiceacha a chuirtear le bia nó a úsáidtear i bpacáistiú bia, agus i bpróisis ghaolmhara. Baineann obair an Phainéil go príomha le substaintí agus le próisis a ndéanann EFSA meastóireacht orthu sular féidir a n-úsáid a údarú san AE.
  • Roghnaíodh an tOllamh John Kearney, Léachtóir, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath mar Chomhalta den Phainéal Eolaíochta ar Tháirgí Diaitéitice, Cothú agus Ailléirgí

    Pléann an Painéal um Tháirgí Diaitéitice, Cothú agus Ailléirgí (NDA)* le ceisteanna a bhaineann le táirgí diaitéitice, cothú agus ailléirgí bia, chomh maith le hábhair ghaolmhara amhail bianna nua.

EU-FORA - An Clár Comhaltachta um Measúnú Riosca ar Bhia na hEorpa - 2022/23 Príomhghnéithe

1. Féachann an ghairm le cuibhreannais a aithint a bheidh in ann comhaltaí a sheoladh agus a bheith ina suíomhanna óstála do thimthriall 2022-2023 (Meán Fómhair 2022-Lúnasa 2023). a. Tá sé beartaithe ag an EFSA tograí a mhaoiniú chun socrúchán a fháil do 15 chomhalta.

2. Ní mór díreach dhá eagraíocht Airteagal 36 amháin 2 a bheith i gceist ó dhá thír AE éagsúla, an Iorua nó an Íoslainn, ceann acu ag feidhmiú mar Iarratasóir (príomh-eintiteas an chuibhreannais, agus an institiúid as ar tháinig an comhalta) agus an eagraíocht eile ina gComhpháirtí (an suíomh óstála atá i gceannas ar an gclár oibre agus oiliúint an chomhalta).

3. Fanfaidh na comhaltaí ina mbaill foirne i gcónaí den eagraíocht a sheol iad ar feadh tréimhse na comhaltachta.

4. Beirt (2) ar a mhéid líon na gcomhaltaí atá le moladh le haghaidh oiliúna in aghaidh na heagraíochta a sheolann comhaltaí.

5. Triúr (3) ar a mhéid líon na gcomhaltaí ar féidir oiliúint a chur orthu ag an suíomh óstála céanna.

6. Féadfaidh suíomh óstála iarratas a dhéanamh a bheith ina chomhpháirtí i gcuibhreannais eile a bhfuil an clár oibre céanna á thairiscint acu do thriúr (3) comhaltaí ar a mhéid.

7. Cúigear (5) ar a mhéid líon na gcomhaltaí a bhfuil oiliúint le cur orthu sa tír óstála chéanna.

8. Is ar bhonn cianda den chuid is mo a reáchtálfar an clár oibre atá molta, agus meastar go mbeifí ag fanacht ag an suíomh óstála ar feadh tréimhse idir 3 agus 5 mhí.

9. An ranníocaíocht a dhéanfaidh an EFSA ná € 55,000 in aghaidh an deontais (in aghaidh gach comhalta). Beartaítear go dtacóidh líon iomlán deontas an EFSA leis na costais a thabhaíonn an eagraíocht a bhfuil comhalta(í) á s(h)eoladh acu trí fhostaí a scaoileadh óna t(h)ascanna agus é/í ina bhall foirne den institiúid i gcónaí, chomh maith leis na costais a éiríonn as speansais an chomhalta agus é/í ag freastal ar an suíomh óstála. Anuas air sin, tá an tsuim airgid beartaithe íoc as costais maoirseachta ag an suíomh óstála. Ar deireadh, íocfaidh an tsuim airgid cuid de na costais riaracháin a thabhaíonn an dá eagraíocht agus an Clár á shíniú agus á fheidhmiú acu. Ní leagann an EFSA síos an chaoi a bhfuil an deontas le roinnt idir an dá eagraíocht.

10. Seol ríomhphoist chuig EFSAProcurement@efsa.europa.eu má tá aon cheist eile agat faoin nGairm.