Skip to main content

Tuarascáil Bhliantúil 2025

Tuesday, 30 June 2026

Is sa bhliain seo a thosaigh ár bPlean Straitéiseach nua, a threoróidh ár n-iarrachtaí sna blianta amach romhainn. Ba bhliain d’athrú suntasach ceannaireachta í, mar i mí an Mhárta chuireamar fáilte roimh ár bPríomhfheidhmeannach nua, an tUasal Greg Dempsey.

In 2025, chuireamar na gníomhartha a bhí leagtha amach inár bplean gnó i gcrích go rathúil, rud a chinntigh dul chun cinn leanúnach maidir lenár dtosaíochtaí rialála agus eolaíocha, mar aon lenár dtosaíochtaí atá dírithe ar an tomhaltóir. Is léiriú iad na héachtaí seo ar ghairmiúlacht ár bhfoirne agus ar neart ár gcur chuige comhoibríoch leis an Roinn Sláinte, leis na gníomhaireachtaí oifigiúla, le hionadaithe tionscail agus le comhghleacaithe ar fud na seirbhíse poiblí i gcoitinne. 

I measc cuid dár ngníomhaíochtaí in 2025 tá na nithe seo a leanas: foilsiú ár nóta treorach nua maidir le cultúr sábháilteachta bia, cruinniú oscailte rathúil de chuid na Comhairle Chomhairleach um Shábháilteacht Bia a rinne plé ar an gcaoi is féidir intleacht shaorga a úsáid ar fud ár gcórais atá ag forbairt, Straitéis Eolaíochta an Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann 2026–2030, comhairliúchán poiblí maidir le scéim rátála sláinteachais bia d’Éirinn, agus bainistiú agus comhordú na freagartha ar ráig bhia-iompartha listeriosis le linn an tsamhraidh.


Front cover of Annual Report 2025

Categories

Corporate |