Skip to main content

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann - Tuarascáil Bhliantúil 2020

Wednesday, 15 September 2021

Ba é tús áite a thabhairt do shábháilteacht bia agus sláinte phoiblí ár dtosaíocht i bhfianaise chomhthéacs dúshlánach phaindéim COVID-19. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt dár bhfoireann chumasach as a ndíograis, a ndinimiceas agus a ngairmiúlacht maidir le misean Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a bhaint amach, go háirithe i bhfianaise na n-athruithe móra a chonacthas in 2020. Is iad ár bhfoireann, ár mBord agus ár gcomhpháirtithe seachtracha na gníomhaithe lárnacha maidir lenár sainordú reachtúil a sheachadadh.

Ní raibh a leithéid de bhliain ann riamh agus a bhí ann an bhliain seo caite ar fud na cruinne. Laistigh d’Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, bhí dúshláin mhóra ann mar gheall ar phaindéim COVID-19, mar aon le Brexit agus acmhainní teoranta airgeadais agus daonna laistigh den Údarás. Ina ainneoin sin, chuir an tÚdarás agus a chomhpháirtithe clár oibre suntasach i gcrích in 2020. Cuireadh reachtaíocht um shábháilteacht bia i bhfeidhm; seirbheáladh 42 Ordú Forfheidhmiúcháin ar ghnólachtaí bia; leanadh d’aistarraingtí bia agus foláirimh bhia agus ailléirgine; tharla Brexit; cuireadh treoir ar fáil do na gníomhaireachtaí oifigiúla agus oibreoirí gnólachtaí bia; agus foilsíodh an chéad leagan de Mholtaí Eolaíochta um Threoirlínte Cothaithe Bia-Bhunaithe do Leanaí 1 go 5 Bliana d’Aois in Éirinn – tharla sé seo ar fad agus ár bhfoireann ag obair go cianda. Ba é tús áite a thabhairt do shábháilteacht bia agus sláinte phoiblí ár dtosaíocht i bhfianaise chomhthéacs dúshlánach phaindéim COVID-19. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt dár bhfoireann chumasach as a ndíograis, a ndinimiceas agus a ngairmiúlacht maidir le misean Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a bhaint amach, go háirithe i bhfianaise na n-athruithe móra a chonacthas in 2020. Is iad ár bhfoireann, ár mBord agus ár gcomhpháirtithe seachtracha na gníomhaithe lárnacha maidir lenár sainordú reachtúil a sheachadadh. Molaimid dóibh as a dtiomantas maidir le tomhaltóirí in Éirinn agus tomhaltóirí bhia na hÉireann araon a chosaint i mbreis agus 180 margadh ar fud an domhain.

Tá áthas orainn Tuarascáil Bhliantúil agus cuntais 2020 a chur i do láthair i gcomhair Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Léiríonn sé an ról ríthábhachtach atá ag Údarás Sábháilteachta Bia na
hÉireann maidir le sláinte phoiblí a chosaint


Report cover