Skip to main content

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann - Tuarascáil Bhliantúil 2021

Wednesday, 07 September 2022

Le linn 2021, chuir Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann clár oibre suntasach ar fáil, deartha chun tomhaltóirí a chosaint.

Bliain de dheiseanna agus nuálaíocht a bhí ann don Údarás, agus é de shíor ag iarraidh a chruth, córais agus próisis a fheabhsú, in ainneoin cé chomh éiginnte is a bhí cúrsaí. Chuir COVID-19 agus an Breatimeacht brú leanúnach ar an Údarás agus é ag iarraidh a fhís a bhaint amach maidir le ‘Bia sábháilte agus iontaofa do chách’. In ainneoin na ndúshlán seo, chuir foireann an ÚSBÉ clár oibre suntasach agus luachmhar ar fáil agus lean sé air ag cur a straitéis 2019-2023 i ngníomh; cuireadh an reachtaíocht shábháilteachta bia i bhfeidhm trí 59 Ordú Forfheidhmiúcháin a seirbheáladh do ghnólachtaí bia agus eisíodh 154 aistarraingt bia agus foláireamh bia ailléirgine; cuireadh 227 measúnú riosca ar bhia agus ar chomhábhar bia i gcrích; agus foilsíodh tuarascálacha eolaíochta.


Report cover

Categories

Corporate |