Skip to main content

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Thursday, 03 September 2020

Is é ár misean tomhaltóirí a chosaint trí bheith i gceannas ar phobal comhoibríoch um shábháilteacht bia d’fhonncaighdeáin bia a ardú ar bhonn leanúnach agus cultúrbarr feabhais a chruthú.

Ba bhliain shuntasach í an bhliain a chuaigh tharainn le haghaidh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann. Le linn 2019, rinneamar ceiliúradh ar 20 bliain bhunú an Údaráis; reáchtálamar an chéad chomhdháil eolaíochta de chuid an Údaráis; lainseálamar straitéis nua, rinneamar agus d’fhoilsíomar taighde den chéad scoth; chuireamar feabhas le cur chuige rialála na hÉireann; rinneamar iniúchadh agus scrúdú ar ghnólachtaí bia na hÉireann; agus chuireamar dlús lenár n-iarrachtaí chun comhlíonadh a mhéadú le dlí faoi bhia ar fud na tíre – é sin ar fad agus muid ag tabhairt tús áite do chosaint sláinte poiblí i gcinntí agus i ngníomhaíochtaí an Údaráis. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár bhfoireann dá dtiomantas agus dá ndíograis leantach chun ár misean sábháilteachta bia a bhaint amach.

Is mór an inspioráid dúinn i gcónaí gairmiúlacht agus díograis ár bhfoirne, ár mBoird, ár gcoistí agus ár bpáirtithe seachtracha maidir lenár sainordú reachtach a sheachadadh agus tomhaltóirí in Éirinn mar aon le tomhaltóirí bhia na hÉireann in 180 margadh ar fud an domhain a chosaint.

Dr Pamela A Byrne                                   Martin Higgins
An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin          Cathaoirleach
 

 


Front cover of the FSAI 2019 Annual Report