Skip to main content

EFSA agus FSAI

Déanann Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ionadaíocht d’Éirinn ar shaincheisteanna sábháilteachta bia san Eoraip. Téann an tÚdarás i dteagmháil ar bhonn rialta leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA).

Téann an FSAI i gcomhairle agus cuidíonn maidir le dlí bia Eorpach a bhfuil bunús maith leis agus atá éifeachtach a fhorbairt, ag cur san áireamh na prionsabail a bhaineann le rialú níos fearr.

Déanann EFSA gníomhaíochtaí ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta a chomhordú trí dhlúthchomhar trí Fhóram Comhairleach, Pointe Fócasach Náisiúnta agus Coistí, Painéil agus Líonraí Eolaíochta de chuid EFSA. Leis an struchtúr seo, tá Ballstáit agus EFSA in ann oibriú le chéile chun faisnéis agus sonraí eolaíochta a mhalartú, cláir oibre a chomhordú, acmhainní a chomhroinnt agus comhoibriú ar chomhthionscadail. 

Deontais EFSA

Bronnann EFSA deontais nó fóirdheontais go rialta ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí a chuireann le misean EFSA i réimsí a bhaineann le bailiú sonraí, obair ullmhúcháin do thuairimí eolaíochta, cúnamh eolaíochta agus teicniúil eile.

Tá plean Comhoibrithe Eolaíochta EFSA 2022: glaonna ar thairiscintí (soláthar) agus glaonna ar thograí (deontais) leis an teideal táscach, buiséad agus tráthúlacht le haghaidh seolta fógraithe ar láithreán gréasáin EFSA. Tabhair do d’aire go bhfuil an fhaisnéis seo táscach agus ní hionann í agus dualgas ar EFSA aon nós imeachta ar leith a sheoladh.

Tuilleadh eolais ar Soláthar EFSA agus Deontais EFSA

Nuachtlitreacha EFSA

Is r-nuachtlitir saor in aisce í EFSA highlights ina bhfuil an scéal is déanaí atá le fáil ar láithreán gréasáin EFSA

Fís-ghearrthóga EFSA Understanding Science

Is é Understanding Science sraith fhíseáin chlár bán eolaíochta EFSA ina míníonn foireann EFSA coincheapa eolaíochta.