Skip to main content

Maidir Linn

Bunaíodh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) faoin Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998. Achtaíodh an tAcht seo i mí Iúil 1998 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1999.

"Bia sábháilte agus iontaofa do chách is ea ár bhfís"

Is é príomhaidhm Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann tomhaltóirí a chosaint trí bheith ar cheann pobal comhoibríoch sábháilteachta bia chun leanúint i gcónaí le caighdeáin bhia a ardú agus cultúr barr feabhais a chruthú.

Gníomhaireacht náisiúnta reachtúil, neamhspleách agus bunaithe ar eolaíocht is ea an tÚdarás, atá tiomanta don tsláinte phoiblí agus leasanna tomhaltóirí a chosaint sa réimse sábháilteachta agus sláinteachais bhia. Tagann sé faoi choimirce an Aire Sláinte agus tá bord naonúr comhaltaí aige. Tá Coiste Eolaíoch de 15 comhaltaí aige chomh maith a chuidíonn leis an mBord agus a thugann comhairle dó. Dá bhrí sin, cuirtear san áireamh i gcinntí a bhaineann le sábháilteacht bia an chomhairle agus an fhaisnéis is déanaí agus is fearr atá ar fáil.

Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998.

Léigh tuarscáil bhliantúil ÚSBÉ 2021.

Ár Luachanna

  • Ionracas – Táimid ionraic, oscailte agus neamhspleách i ngach rud a dhéanaimid
  • Meas – Gníomhaímid le meas agus freagracht phearsanta
  • Díograis – Táimid díograiseach faoi thomhaltóirí a chosaint.
  • Trédhearcacht – Déanaimid ar n-obair go hoscailte chun an méid a dhéanaimid a chur chun cinn
  • Obair Foirne – Forbraímid agus spreagaimid ár ndaoine chun eagraíocht níos fearr a fhorbairt
  • Comhoibriú – ithnímid ár gcomhpháirtithe agus is mór linn iad

Príomhfheidhmeanna an Údaráis

Tá freagracht náisiúnta againn as forfheidhmiú na reachtaíochta um shábháilteacht in Éirinn a chomhordú. Tá FSAI freagrach as:

Tomhaltóirí a Chosaint

  • Bia atá sábháilte do gach uile dhuine
  • Faisnéis chruinn faoi bhia is féidir muinín a bheith aisti
  • Thomhaltóirí cumhachtaithe agus roghanna eolasacha á ndéanamh acu
  • Teagmhais bhia-iompartha laghdaithe agus neamhchosaint laghdaithe ar riosca doghlactha

Más mian leat gearán a dhéanamh, tig leat sin a dhéanamh ar an leathanach seo.

Caighdeáin Bhia a Ardú

  • Go bhfuil gnólachtaí bia ag cloí le reachtaíocht agus caighdeáin maidir le bia
  • Sonraí agus faisnéis ábhartha atá inrochtana, cruinn agus furasta le tuiscint

Cur Chuige Comhoibríoch

  • Oibríonn sábháilteacht bia mar chur chuige comhpháirtíochta
  • Faisnéis láidir eolaíoch bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do lucht déanta beartas an Rialtais

Cultúr Barr Feabhais

  • Aithníonn Éire an tsábháilteacht bia mar chuid lárnach don rath
  • Tá sábháilteacht agus ardchaighdeán bia ina dtosaíochtaí go gach gnólacht bia
  • Nascann gach rud; daoine, próisis, córais agus sonraí

Ár nEagraíocht

  • Ceannaire agus páirtí aitheanta sa tsábháilteacht bia is ea an FSAI
  • Foireann dhíograiseach, nuálach agus éifeachtach atá tiomanta dár bhfís a sheachadadh
  • Eagraíocht a chuireann ceart an duine agus comhionannas inár bhfoireann agus lenár bpáirtithe chun cinn chun ár ndualgas poiblí dearfach a chomhlíonadh
  • Eagraíocht custaiméir-lárnach; ag réamh-mheas agus ag tairiscint cad a theastaíonn uathu agus cá huair a dteastaíonn sé uatha dár gcustaiméirí.

EFSA agus FSAI

Déanann Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ionadaíocht d’Éirinn ar shaincheisteanna sábháilteachta bia san Eoraip. Téann an tÚdarás i dteagmháil ar bhonn rialta leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA).

Féach níos mó